Cuireadh do thuismitheoirí a théadh i gcion mar gheall ar chailleadh leanbh (le linn na tréimhse ó ghiniúint go nuabheirthe)
Mar pháirt de thionscadal beag pearsanta ealaíne tiomnaithe do mharbhghin, seolann an t-ealaíontóir cuireadh chugat litir a scríobh chuig do leanbh / leanaí a fuair bás le linn na tréimhse ó ghiniúint go nuabheirthe.
Tá an tionscadal seo ag obair i dtreo taispeántas ealaíne, ‘Mo Thaisce Bheag’, tuilleadh eolais:cliceáil anseo
Tá an taispeántas tiomnaithe do mharbhghin a fuair bás níos mó ná deich mbliana ó shin. Léiríonn gach phíosa oibre scéal beatha an marbhghin. De réir mar a tháinig an tógra chun cinn tháinig an smaointe faoi na litreacha mar dhóigh do dhaoine eile cuimhneamh a dhéanamh ar a leanbh / leanaí féin a fuair bás roimh dheireadh an tréimhse nuabheirte.
Ní osclóidh nó ní léifidh an t-ealaíontóir nó duine ar bith eile do litir / litreacha. Beidh na clúdaigh druidte curtha ar thaispeáint le chéile le haire sa spás taispeántais. Cuirfear tábhacht rúndacht na litreacha in iúl go soiléir do chuairteoirí an taispeántais.
Bhí an t-ealaíontóir i dteagmhail leis an charthanas ‘Féileacáin’* le moltaí a fháil ar fhoclaíocht. Cé nach bhfuil an tógra agus an taispeántas seo cleamhnaithe leo, thairg foireann Fhéileacáin go cineálta a dtacaíocht fhlaithiúil a thabhairt chun na clúdaigh dhruidte a phlandáil le rósóg nó crann silíní i suíomh cosanta in éineacht le nótaí eile ó thuismitheoirí chuig a gcuid leanaí.
Agus mar sin de, seolfar bhur gcuid litreacha tríd an phost cláraithe chuig cúram Fhéileacáin chun na litreacha a phlandáil.
Déan teagmháil leis an t-ealaíontóir faoi an chuireadh seo: foirm teagmhála
Fuair mó leanbh bás tamall fada ó shin. An bhfuil sé ceart go leor pháirt a ghlacaint?
Cinnte. ’S ea.
An mbeidh an litir léite ag an an t-ealaíontóir? Nó ar thaispeáint?
Ní bheidh. Ní osclóidh nó léifidh an t-ealaíontóir nó duine ar bith eile do litir / litreacha; agus beidh rúndacht na litreacha curtha in iúl go soiléir leis cuairteoirí taispeántas.
Cad a bhfuil ceadaithe sa chlúdach?
Litir scríofa nó clóscríofa. Caithfidh an clúdach agus atá ina chuid chlúdach, bheith in-bhithmhillte.
An bhfuil orm mo sonraí teagmhála le háireamh sa litir nó ar an clúdach?
Níl.
An spriocdháta chun an litir a sheoladh sa phost?
Go hidéalach, roimh deireadh Mí an Mhárta, ach beidh litir ar bith a fhaighim roimh deireadh an taispeántas san áireamh.